Lig dom insint duit fúm féin!


Прочитај го текстот и одговори на прашањата.

Intéirneach: Heileo, a bhean uasal. Anna is ainm dom, is mise an t-intéirneach nua agus tá mé ag cur tús le m'intéirneacht i d'ionad áilleachta inniu.

Bainisteoir: Haigh a Anna, is mise Bríd. Is mise bainisteoir na sciamhlainne. Is cúis áthais dom go bhfuil tú ar m'fhoireann. Ar shocraigh tú isteach?

Intéirneach: Shocraigh, go raibh maith agat. Shroich mé an áit seachtain ó shin, bhí an t-am agam socrú isteach. Táim thar a bheith sásta a bheith anseo.

Bainisteoir: Sula dtosóimid, caithfimid an comhaontú a líonadh, an bhféadfá do sheoladh agus d'uimhir theileafóin a thabhairt dom?

Intéirneach: Cinnte. Fuair mé árasán sa lár. Tá mé i mo chónaí ag 24 Sráid na Saoirse agus is í m'uimhir ná 0814321000.

Bainisteoir: Feicim, níl sé sin i bhfad ar chor ar bith. Tar liom, tabharfaidh mé turas na sciamhlainne duit. Ar thug tú do chuid rudaí leat?

Intéirneach: Thug mé mo léine bhán liom.

Bainisteoir: Tabharfaidh me forléine ar dhath na sciamhlainne duit, beidh tú mar bhall den fhoireann go cinnte. Inniu, féachfaidh tú ar an gcaoi a gcuireann Máire cóireáil aghaidhe ar chliant. Á, agus rud deireanach amháin. Nuair a chuireann tú cóireálacha ar dhaoine, caithfidh tú lámhainní a chaitheamh, tá sé éigeantach.