Feasacht ar vacsaíní do ghairmithe in earnáil an bhunoideachais agus an mheánoideachais

A few hours
Beginner

Course details

Is cúrsa é a cruthaíodh i gcomhair gairmithe oideachais chun feasacht ar vacsaíní sa seomra ranga agus muinín sa vacsaíniú a chur chun cinn. Tá an cúrsa roinnte ina chuig mhodúl agus cuirtear saineolas ar fáil ann faoin eolaíocht atá taobh thiar d’fhorbairt agus feidhmiú vacsaíní. Gheobhaidh tú léargas luachmhar ar na rialacha agus na rialacháin sábháilteachta a bhaineann le vacsaíní a fhorbairt agus a údarú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tuiscint níos fearr ar an déine eolaíoch taobh thiar de thástálacha cliniciúla, ar sceidil vacsaínithe náisiúnta agus ar na buntáistí a bhaineann le vacsaíniú ag tráthanna éagsúla den saol. Thairis sin, leis an gcúrsa, cuirtear litearthacht ó thaobh vacsaíní chun cinn trí aghaidh a thabhairt ar bhréaga coitianta maidir le vacsaíniú agus trí fhreagairtí eolaíocha a thabhairt orthu.  

Leis an gcúrsa seo, cuirtear leibhéal cuí eolais agus uirlisí cumarsáide ar fáil do ghairmithe oideachais chun daltaí bunscoile agus meánscoile a mhúineadh faoi vacsaíniú.  

I ngach modúl den chúrsa seo tá réamhthriail, físeáin oideachasúla, iarthriail, agus míniúchán do dhaltaí san áireamh. Tá na modúil neamhspleách agus is féidir iad a dhéanamh in ord ar bith.

Target audience

Gairmithe in earnáil an bhunoideachais agus an mheánoideachais.

Learning objectives

  • Eolas ar vacsaíní agus vacsaíniú a fhorbairt agus a dhaingniú   
  • Tuiscint agus dearcadh dearfach a chur chun cinn   
  • Scileanna cumarsáide a chur chun cinn i measc daltaí bunscoile agus meánscoile

Offered by

This content is offered by the European Commission. The European Commission is the European Union's politically independent executive arm. It is alone responsible for drawing up proposals for new European legislation, and it implements the decisions of the European Parliament and the Council of the European Union.

0 (0)

Schedule

  1. Fáilte
  2. Modúl 1 - An chaoi a noibríonn vacsaíní agus céard is vacsaín ann
  3. Modúl 2 - Éifeachtacht agus sábháilteacht vacsaíne
  4. Modúl 3 - Vacsaíniú ag tráthanna éagsúla den saol
  5. Modúl 4 - Sceidil vacsaínithe náisiúnta
  6. Modúl 5 - Drogall roimh an vacsaíniú agus Bréaga coitianta: fíorscéal nó ficsean

Tags