
Dia dhaoibh!
Ó 2001 i leith, tá an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa ag ceiliúradh Lá Eorpach na dTeangacha (EDL) ar an 26ú Meán Fómhair.
Tá sé mar aidhm ag an lá seo feasacht a ardú ar éagsúlacht teanga na hEorpa, oidhreacht chultúrtha agus éagsúlacht teanga a chur chun cinn, foghlaim teanga a spreagadh, agus gairmeacha a bhaineann le teangacha, amhail aistriúchán agus ateangaireacht, a chur chun cinn.
Tá an ilteangachas ar cheann de bhunchlocha an Aontais Eorpaigh (AE) agus is príomhghné d’fhéiniúlacht chultúrtha na hEorpa é. San AE amháin, tá 24 theanga oifigiúla ann, agus meastar go labhraítear níos mó ná 225 teanga dhúchasacha ar fud na mór-roinne.
Cothaíonn eolas ar theangacha Eorpacha caidreamh rathúil idir grúpaí teanga éagsúla, cuireann sé le tuiscint idirchultúrtha, agus spreagann sé sochaithe níos fulangaí agus níos báúla. Ina theannta sin, méadaíonn líofacht i dteangacha éagsúla do dheiseanna chun gairm bheatha a thosú i dtír eile san AE. Nach bhfuil sin tarraingteach?
Ag OLS, tá an deis agat é sin a dhéanamh trí rochtain a fháil ar chúrsaí agus ar ábhair chun suas le 29 teanga Eorpacha a fhoghlaim! Le linn mhí Mheán Fómhair agus Dheireadh Fómhair, tá an tAontas Eorpach tar éis imeachtaí éagsúla a eagrú chun tú a chur páirteach iontu. Féach ar an liosta gníomhaíochtaí ANSEO chun a fháil amach cad atá ar siúl i do cheantar agus páirt a ghlacadh in imeachtaí cheiliúradh EDL 2024!
In Éirinn, tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha is sine agus is saibhre san Eoraip, agus is í an chéad teanga oifigiúil na tíre. Cé go bhfuil Béarla in úsáid go forleathan, tá stádas na Gaeilge mar chuid lárnach dár n-oidhreacht chultúrtha agus dár bhféiniúlacht náisiúnta. Ó 2007 i leith, tá an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach, rud a thugann aitheantas idirnáisiúnta di agus a chruthaíonn deiseanna nua don phobal Gaeilge i réimsí mar aistriúchán agus ateangaireacht laistigh den AE.
Le Lá Eorpach na dTeangacha, táimid ag ceiliúradh ról na Gaeilge san Eoraip chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus le húsáid teangacha dúchasacha mar ár dteanga féin.
Bain leas as an lá seo chun do chuid scileanna Gaeilge a fheabhsú, freastal ar imeachtaí áitiúla, agus páirt a ghlacadh sa chomhrá ilteangach ar fud na hEorpa!
---
ENG
Hello community!
Since 2001, the European Commission and the Council of Europe have celebrated the European Day of Languages (EDL) on September 26.
This observance aims to raise awareness of Europe's linguistic diversity, advocate for cultural heritage and linguistic diversity, encourage language learning, and promote translation, interpretation, and other language-related professions.
Multilingualism is one of the founding principles of the European Union (EU) and a key element of Europe's cultural identity. The EU alone has 24 official languages, and it is estimated that more than 225 indigenous languages are spoken across the continent.
Nurturing knowledge of European languages helps develop successful connections between different linguistic groups, promotes intercultural understanding, and fosters more tolerant and empathetic societies. Additionally, speaking multiple languages increases your chances of starting a career in another EU country. Isn’t that appealing?
At OLS, you have the opportunity to do just that by accessing courses and materials to learn up to 29 European languages! Throughout September and October, the European Union has organised numerous events for you to participate in. Check out the list of activities HERE to see what is happening around you and join the EDL 2024 celebrations!
The Irish language (Gaeilge) is one of the oldest and richest languages in Europe, and it is the country’s first official language. While English is widely used, the status of Irish remains a central part of our cultural heritage and national identity. Since 2007, Irish has been recognized as an official working language of the European Union, giving it international recognition and creating new opportunities for the Irish-speaking community in fields such as translation and interpretation within the EU.
On the European Day of Languages, we celebrate the role of Irish in Europe, as well as the importance of preserving and using indigenous languages like our own.
Take advantage of this day to improve your Irish skills, attend local events, and participate in the multilingual conversation happening across Europe!
Happy European Day of Languages! :-)
Caoimhe, OLS Community Manager – Irish