Tá mé díreach tar éis teacht.
Прочитај го текстот и одговори на прашањата.
Anuraidh, rinne mé intéirneacht i dtír Eorpach le haghaidh mo chuid staidéir. Theastaigh uaim roinnt oiliúna a fháil, teacht ar thír nua agus mo scileanna teanga a fheabhsú freisin. Anois agus mé ar ais sa bhaile, is féidir liom a rá gur eispéireas iontach a bhí ann!
Ar ndóigh, sular fhág mé, bhí an-strus orm. Bhí eagla orm go mbeinn uaigneach agus ní raibh a fhios agam cad a bhí le pacáil i mo chás. Chuaigh mé go dtí na seisiúin eolais mar sin. Sin an áit a dtagann iar-rannpháirtithe Erasmus chun a gcuid cabhrach a chur ar fáil. Mhol siad dom cóipeanna a dhéanamh de mo cháipéisí, éadaí oiriúnaithe don aimsir agus cuibheoirí leictreacha a bhreith liom, agus na huimhreacha éigeandála a bheith ar eolas agam.
An chéad lá, tar éis turas traenach fada agus uair an chloig ar bhus, shroich mé an áit faoi dheireadh. Bhí mé rud beag neirbhíseach le fheiceáil cá raibh mé ag fanacht agus bualadh le mo thriúr cairde árasáin nua. Ar an dea-uair, a luaithe a bhain mé an áit amach, bhí mo chairde árasáin fíorchairdiúil agus fáilteach. Bhí fear Sualannach, fear Eastónach agus bean Fhrancach ann, agus bhí siad go léir ag déanamh staidéir san earnáil chéanna liomsa.
Thug siad turas na háite dom. Bhí an t-árasán díreach mar a bhí sna pictiúir, an-ghlan le ceithre sheomra den mhéid chéanna, seomra suí mór, cistin agus seomra folctha. Mhínigh siad go tapa rialacha tí an árasáin agus chabhraigh siad liom díphacáil. Bhí cúpla pictiúr de mo theaghlach tógtha agam. Chroch mé iad ar an mballa os cionn mo dheisce. Mhothaigh mé sa bhaile ar an bpointe boise.
Bhí Prionsa ina chónaí san árasán freisin, cat iontach Jeanne mo chomrádaí árasáin Francach. Ar an drochuair, tá ailléirge orm le cait agus ní raibh aon leigheas agam. Chuaigh mo chomrádaithe árasáin in éineacht liom chuig an gcógaslann ag deireadh na sráide chun roinnt a cheannach.
Ina dhiaidh sin, chuamar go léir chun caife a fháil le chéile. Fuair mé amach go tapa go raibh go leor i gcoiteann againn.