Nascleanúint a dhéanamh ar an European School Education Platform

One day
Novice

Course details

Tríd an gcúrsa féinluais seo, beidh deis ag úsáideoirí an European School Education Platform fiosrú a dhéanamh ar na feidhmeanna agus deiseanna a chuirtear ar fáil tríd an ardán agus cleachtadh a fháil orthu.

Go sonrach, sa chúrsa seo díreoimid ar thairiscint forbartha gairmiúla an European School Education Platform, déanfaimid fiosrú ar dheiseanna aitheantais do scoileanna agus do mhúinteoirí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí líonraithe, cuirfimid eolas ar eTwinning agus foghlaimeoimid mar is féidir linn caighdeán níos fearr a bhaint amach i dtionscadail eTwinning.

Leanfar leis an gcúrsa a nuashonrú i gcomhréir le gnéithe agus forbairtí nua an ardáin.

Fad agus ualach oibre

Dáta tosaithe: oscailte
Dáta deiridh: is féidir leat an cúrsa (nó aon chuid) a dhéanamh ar do luas féin

Fad: Cúrsa féinluais
Ualach oibre: 8-10 n-uair an chloig

Target audience

Oideoirí ag gach leibhéal scoile agus i ngach ábhar, mar aon le baill foirne eile sa scoil (e.g., leabharlannaí scoile, comhairleoir gairmthreorach, etc.) a bhfuil spéis acu fiosrú a dhéanamh ar an European School Education Platform.

Learning objectives

  • Nascleanúint a dhéanamh ar an European School Education Platform,
  • Forléargas a fháil ar an tairiscint forbartha gairmiúla,
  • Fiosrú a dhéanamh ar dheiseanna aitheantais do scoileanna agus do mhúinteoirí,
  • Daoine, eagraíochtaí agus scoileanna a aimsiú le comhoibriú a dhéanamh leo,
  • Aird a dhíriú ar thionscadail eTwinning a chruthú,
  • Tuiscint a fháil ar inúsáidteacht an TwinSpace agus na feidhmeanna atá aige freisin,
  • Fiosrú a dhéanamh ar bhealaí leis an TwinSpace a bhainistiú go héifeachtach,
  • Foghlaimeoidh tú faoi Chreat an Mhairc Cáilíochta,
  • Feicfidh tú samplaí ábhartha de ghníomhaíochtaí tionscadail i gcás gach critéir i ngach aoisghrúpa,
  • Déanfaidh tú leideanna agus smaointe a fhiosrú maidir le céimeanna éagsúla den tionscadal agus leideanna a fhiosrú maidir le dúshláin éagsúla a shárú freisin.

Offered by

This content is offered by the European Commission. The European Commission is the European Union's politically independent executive arm. It is alone responsible for drawing up proposals for new European legislation, and it implements the decisions of the European Parliament and the Council of the European Union.

0 (0)

Schedule

  1. Modúl 1: Fiosrú a dhéanamh ar an European School Education Platform
  2. Modúl 2: Tionscadail eTwinning agus TwinSpace
  3. Modúl 3: Cáilíocht a Bhaint Amach i dTionscadail eTwinning
  4. Measúnú Deiridh, Aiseolas & Deimhniú